Edmund Burke

Scríbhneoir Angla-Éireannach, státaire, fealsamh agus parlaiminteoir Sasanach ab ea Edmund BurkeÉamonn de Búrca, a rugadh sa bhliain 1729 i mBaile Átha Cliath. Fear ildánach sa chiall chlasaiceach agus smaointeoir de dhlúth ba ea an Búrcach. Ó 1766 go dtí 1794 bhí sé ina Bhall Parlaminte i dTeach na dTeachtaí sa Bhreatain Mhór leis na Fuigeanna.

Chreid an Búrcach gur dlúth an ceangal idir suáilcí agus béasa sa tsochaí, agus tábhacht na n-insititiúdí creidimh ar mhaithe le seasmhacht mhorálta agus do leas an stáit, faoinar scríobh sé sa leabhar ''Cosaint na Sochaí Nádúrtha'' (1756). Cháin sé gníomhartha Rialtas na Breataine i dtaca leis na gcoilíneachtaí Meiriceánacha; a bearta cánach san áireamh. Mhaígh an Búrcach gur cheart go mbeadh cead ag lucht na gcóilíneachtaí dul i gcoinne údarás an Rialtais i Londain, cé nár thacaigh sé riamh leo siúd a rinne iarracht neamhspleáchas a bhaint amach. Cuimhnítear air mar dhuine a thug tacaíocht d'fhuascailt na gcaitliceach, do tháinseamh Warren Hastings as Comhlacht na nIndiacha Thoir, agus a fhrithbheart diongbháilte in éadan Réabhlóid na Fraince.

Ina leabhar ''Smaointe ar an Réabhlóid sa Fhrainc'' a scríobh an Búrcach sa bhliain 1790, mhínigh sé gurb í an réabhlóid ba chúis leis an scrios a rabhthas ag déanamh ar an tsochaí agus ar institiúidí an stáit, agus lochtaigh sé géarleanúint na hEaglaise Caitlicí a d'eascair aisti. An toradh a bhí air sin go ndearnadh duine mór le rá sna Fuigeanna agus go háirithe ar an taobh coimeádach den pháirtí polaitíochta sin, murab ionann agus na Fuigeanna Nua a bhí á stiúradh ag Cathail Séamas Mac an tSionnaigh (Charles James Fox) a bhí i bhfách le Réabhlóid na Fraince.

Sa 19ú haois, mhol idir choimeádaigh agus liobrálaigh an Búrcach. Dá éis sin, le linn an 20ú haois, chreidtí gurb é an Búrcach bunaitheoir fhealsúnacht an choimeádachais go háirithe sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 3 toradh á dtaispeáint as 3 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Burke, Edmund', am iarratais: 0.03s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Burke, Edmund
    Foilsithe / Cruthaithe 1958
    Gairmuimhir: AE 1A 18 *Bur/phi
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Burke, Edmund
    Foilsithe / Cruthaithe 1956
    Gairmuimhir: AE 1A 18 *Bur/Vom
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Burke, Edmund, Gentz, Friedrich
    Foilsithe / Cruthaithe 1991
    Gairmuimhir: PL 2 ef 18 *Bur/Ueb
    LEABHAR