Pío Baroja

mion|Dealbh Baroja i Madrid.|clé Scríbhneoir Spáinnise ó Thír na mBascach a bhí i bPío Baroja y Nessi, a rugadh i San Sebastián (Donostia) ar an 28 Nollaig 1872 agus a fuair bás i Maidrid ar an 30 Deireadh Fómhair 1956. Bascach a bhí ann féin, ach ní raibh mórán measa aige ar theanga a cheantair dhúchais, cé go raibh téamaí Bascacha agus radharcra na Tíre Bascaí le haithint ina lán scríbhinní a tháinig óna pheann.

Rinne sé staidéar le bheith ina dhochtúir, ach níor chleacht sé an cheird seo riamh - go bunúsach, ní raibh ann ach amhábhar don úrscéal ''El árbol de la ciencia'' ("Crann an Eolais"). Is é saol na mac léinn atá faoi chaibidil ag Baroja sa leabhar seo. Chaith sé seal i mbun bhácús a mhuintire, rud atá le haithint i saothair eile leis, ar nós ''La Busca'' ("An Cuardach").

Scríbhneoir próis a bhí ann thar aon rud eile, cé gur bhain sé triail as an drámaíocht freisin, agus scríobh sé aistí chomh maith.

Is iad na saothair is tábhachtaí ná:

* an tríológ Bhascach: ''La casa de Aitzgorri'', ''El mayorazgo de Labraz'' agus ''Zalacaín el aventurero'';

* an tríológ ''La lucha por la vida'' ("An Troid ar son na Beatha"): ''La busca'', ''Mala hierba'' agus ''Aurora Roja'';

* an tríológ ''La raza'' ("An Cine"), mar atá: ''El árbol de la ciencia'', ''La dama errante'', agus ''La ciudad de la niebla'';

* an tríológ ''El pasado'' ("Na Laethanta a Bhí"), nó: ''La feria de los discretos'', ''Los últimos románticos'', agus ''Las tragedias grotescas'';

* an tríológ ''La vida fantástica'' ("An Saol Iontach"), is é sin, ''Aventuras, inventos y mixtificaciones de Silvestre Paradox'', ''Camino de perfección (pasión mística)'' agus ''Paradox rey'';

* an tríológ ''Las ciudades'' ("Na Cathracha"), nó ''César o nada'', ''El mundo es así'' agus ''La sensualidad pervertida''; Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 6 toradh á dtaispeáint as 6 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Baroja, Pío', am iarratais: 0.03s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Baroja, Pío, Baroja, Pío
    Foilsithe / Cruthaithe 1948
    Gairmuimhir: TS Bar 4 *Bar/Des-06
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Baroja, Pío, Baroja, Pío
    Foilsithe / Cruthaithe 1948
    Gairmuimhir: TS Bar 4 *Bar/Des-05
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Baroja, Pío, Baroja, Pío
    Foilsithe / Cruthaithe 1947
    Gairmuimhir: TS Bar 4 *Bar/Des-04
    LEABHAR
  4. 4
    de réir Baroja, Pío, Baroja, Pío
    Foilsithe / Cruthaithe 1951
    Gairmuimhir: TS Bar 4 *Bar/Des-03
    LEABHAR
  5. 5
    de réir Baroja, Pío, Baroja, Pío
    Foilsithe / Cruthaithe 1944
    Gairmuimhir: TS Bar 4 *Bar/Des-01
    LEABHAR
  6. 6
    de réir Baroja, Pío
    Foilsithe / Cruthaithe 1944
    Gairmuimhir: TS Bar 4 *Bar/Des-01
    LEABHAR