Michel de Montaigne

Scríbhneoir Francach ab ea Michel Eyquem de Montaigne, nó Montaigne mar is fearr aithne air.

Rugadh é ar an 28ú lá d'Fheabhra 1533 i ''château'' Naomh Mhichíl Mhontaigne (''Saint-Michel-de-Montaigne''), ''château'' atá suite i nDordogne na Fraince, agus ba san áit chéanna a fuair sé bás, ar an 13ú lá de mhí Mheán Fómhair 1592.

Tá tuairimí éagsúla ag scoláirí i dtaobh Mhontaigne: Dar le scoláirí áirithe, bhí sé ina fhealsamh agus mhorálaí de réir stíle na hAthbheochana. Ceapann scoláirí eile, áfach, gur scríbhneoir léannta a bhí ann agus go raibh sé ina cheannródaí ar na heolaíochtaí sóisialta agus stairiúla, nó gurbh eisean a chuir tús leis na heolaíochtaí sin i dtraidisiún na Fraincise fiú.

Ós rud é go raibh a athair, Pierre Eyquem de Montaigne, an-tógtha le Daonnachas, ba oideachas de réir gnásanna an Daonnachais a fuair Montaigne agus é ag fás aníos. Cé go raibh idéil an Daonnachais go forleathan i measc lucht an léinn ag an am, ba iontach an t-oideachas a tugadh do Mhontaigne. Rinne athair Mhontaigne cinneadh a pháiste a thógáil leis an Laidin mar mháthairtheanga, mar shampla, ionas go mbeadh an teanga seo, teanga na gClasaiceach agus léinn dá linne araon, ar a thoil ag an ngarsún nuair a bheadh sé ina dhuine fásta.

Níor chaill Montaigne riamh an meon caidéiseach fiosrach sainiúil, ná an dúil sa léann, a bhí aige de thoradh an oideachais chuimsithigh ilbhéarlaigh sin a fuair sé. Tá meon an Daonnachais agus an fonn léinn le feiscint go soiléir ina chuid scríbhneoireachta, na h''Aistí'' (''Essais'') ach go háirithe.

Ba sa bhliain 1572 a chuir Montaigne tús le scríobh an tsaothair is iomráití dá chuid, is é sin na h''Aistí'', agus níor éirigh sé as bheith á bhforbairt agus á n-athscríobh go dtí na míonna deireanacha dá shaol. Saothar ar leith is ea na h''Aistí'', saothar a bhfuil áit thábhachtach i stair litríocht na Fraince aige - agus a raibh áit aige ar ''Index librorum prohibitorum'' na hEaglaise Caitlicí, b'in liosta na leabhar nach raibh sé ceadaithe ag dea-Chaitlicigh iad a léamh, ón mbliain 1676 go dtí an bhliain ina bhfuair an Pápa Pól VI réidh leis an ''Index''. Tugadh ''Aistí'' Mhontaigne ábhar machnaimh do go leor daoine, idir scríbhneoirí (m.sh., Shakespeare, Pascal, Proust) agus fhealsaimh (m.sh., Descartes, Nietzsche, Heideggar), ón am gur foilsíodh den chéad uair iad.

Scríobh Montaigne féin sa téacs 'Don Léitheoir', téacs atá mar bhrollach agesna h''Aistí'', nach raibh aidhm aige agus é ag scríobh na n''Aistí'' “ach amháin aidhm phearsanta agus phríobháideach”. Ag an am céanna, thug sé le fios i gceann amháin eile desna h''Aistí'' eile gur féidir leis an dté a léifeadh na h''Aistí'' maitheas agus tairbhe a bhaint astu toisc go bhfuil "gach aoinne ina íomhá den staid dhaonna ina hiomlán". Agus, i ndáiríre, is chun íomhá dó fhéinig a chruthú a thosaigh Montaigne le scríobh na n''Aistí'', nó mar a deir sé é: ‘Is mise ábhar mo leabhair’. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 12 toradh á dtaispeáint as 12 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Montaigne, Michel de', am iarratais: 0.04s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Montaigne, Michel de, Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1981
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/ess
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Montaigne, Michel de, Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1981
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/ess
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Montaigne, Michel de, Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1981
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/ess
    LEABHAR
  4. 4
    de réir Montaigne, Michel de, Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1958
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/Ess-03
    LEABHAR
  5. 5
    de réir Montaigne, Michel de, Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1958
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/Ess-02
    LEABHAR
  6. 6
    de réir Montaigne, Michel de, Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1958
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/Ess-01
    LEABHAR
  7. 7
    de réir Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1992
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/Ess
    LEABHAR
  8. 8
    Caibidil leabhair
  9. 9
    de réir Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1980
    Gairmuimhir: TF Mon 1 (1962)
    LEABHAR
  10. 10
    de réir Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1981
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/ess
    LEABHAR
  11. 11
    de réir Montaigne, Michel de
    Foilsithe / Cruthaithe 1958
    Gairmuimhir: TF Mon 3 *Mon/Ess-01
    LEABHAR
  12. 12
    de réir Montaigne, Michel de, Jeanson, Francis
    Foilsithe / Cruthaithe 1951
    Gairmuimhir: TF Mon 6 *Mon/Mon
    LEABHAR