Galen
Bhí Galen as Péargamon (rugadh timpeall na bliana 129 i bPéargamon, agus d'éag timpeall na bliana 199), ina lia Gréagach.Rinne sé neart fionnachtana ar chúrsaí leighis trí mionscrúdú a dhéanamh ar ainmhithe áirithe cosúil le muca, madraí agus moncaithe.
Glacadh lena thuairimí i leith ghníomhaíochtaí an chroí, na n-artairí agus na bhféitheacha, go dtí an bhliain 1628, nuair a tháinig teoiric William Harvey chun cinn, is é sin go sreabhann an fhuil timpeall na colainne de bharr imbhualadh an chroí a fheidhmíonn mar chaidéal.
Ní fios go baileach cé mhéad alt léannta ar scríobh sé ach meastar go raibh níos mó ná 400 dóibh. Scríobhadh i nGréigis iad. Cailleadh cuid mhaith dóibh nuair a dódh Leabharlann Chathair Alastair agus le scrios Impireacht na Róimhe scaipeadh iad.
Siad na cinn is mó atá le fáil anois ná na cinn a haistríodh go hAraibis agus ar bhunaigh na hArabaigh agus níos déanaí na hEorpaigh a léann leighis. Bhí tionchar ollmhór ag a chuid tuairimí sna Meánaoiseanna. I ndeireadh thír thall, agus an leigheas agus an eolaíocht ag forbairt, ba léir go raibh cuid mhaith dá chuid tuairimí míchruinn. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3Gairmuimhir: AL 4 ME *Est/DicLEABHAR