Richard Dawkins

thumb|220px|Richard Dawkins, 24 Meitheamh 2006 Is eiteolaí, bitheolaí éabhlóideach agus scríbhneoir eolaíochta mór-ráchairte Briotanach é Clinton Richard Dawkins (26 Márta 1941 a rugadh é). Bhí sé in Ollúnacht Charles Simonyi um Thuiscint an Phobail ar an Eolaíocht, in Ollscoil Oxford, idir 1995 agus 2008.

Tháinig Dawkins chun cinn ar dtús le leabhar dá chuid sa bhliain 1976, darbh ainm 'The Selfish Gene'. Chabhraigh sé seo go mór leis an dearcadh géin-láraithe ar éabhlóid a chur i lár an aonaigh agus thug sé an téarma 'meme' ar an saol, rud a chabhraigh le forbairt 'memetics'.

Sa bhliain 1982, chuir sé go mór le heolaíocht na héabhlóide, leis an teoiric a léirigh sé ina leabhar ''The Extended Phenotype'', is é sin nach mbaineann éifeachtaí feinitíopacha le corp an orgánaigh amháin ach go mbíonn siad in ann a bheith scaipthe ar fud na timpeallachta, corp na n-orgánach eile san áireamh. Bíonn an teoiric seo á lua go minic ag lucht bitheolaíochta.

Tá ceithre leabhar mór-ráchairte scríofa aige ó shin agus bhí sé le feiceáil agus le cloisteáil ar go leor cláracha teilifíse agus raidió maidir le bitheolaíocht éabhlóideach, cruthaíochtachas agus reiligiún. clé|mion|225x225px|24 Meitheamh 2006 Is duine frith-reiligiúnach neamhbhalbh é chomh maith le bheith ina aindiachaí, ina dhaonnachaí saolta, agus ina sceipteach agus tacaíonn sé le gluaiseacht na 'Brights'. Tugtar an leasainm "rótvaidhléir Darwin" air as díograis na tacaíocht a thugann sé do theoiric na héabhlóide, tagairt don bhitheolaí Sasanach T. H. Huxley a raibh an leasainm "bulladóir Darwin" air. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 5 toradh á dtaispeáint as 5 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Dawkins, Richard', am iarratais: 0.03s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Dawkins, Richard
    Foilsithe / Cruthaithe 2008
    Gairmuimhir: BL 3 *Daw/Ges
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Dawkins, Richard
    Foilsithe / Cruthaithe 2000
    Gairmuimhir: PH 2B *Daw/ent
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Dawkins, Richard
    Foilsithe / Cruthaithe 1998
    Gairmuimhir: PH 2B *Daw/Unw
    LEABHAR
  4. 4
    Alt
  5. 5
    de réir Blackmore, Susan
    Foilsithe / Cruthaithe 2000
    Rannpháirtithe: “…Dawkins, Richard…”
    Gairmuimhir: PH 3 *Bla/Mac
    LEABHAR