Thomas Mann

Ba scríbhneoir clúiteach Gearmánach é Paul Thomas Mann (rugadh ar an 6 Meitheamh 1875 i Lübeck é; d'éag sé ar an 12 Lúnasa 1955 in Kilchberg i gcóngar do Zürich). Ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta íorónta thug sé cur síos dúisitheach ar dheireadh na tréimhse buirgéisí i stair chultúrtha na Gearmáine.

I dtraidisiún liteartha na Gearmáinise, is buirgéiseach léannta é féin, agus é faoi thionchar filí cosúil le Johann Wolfgang von Goethe agus Theodor Fontane. B'í a stíl shainiúil a thabhaigh gnaoi na léitheoirí dó, agus ba luath ina shaol a d'aibigh sé mar scríbhneoir.

Ní raibh sé ach dhá bhliain fichead d'aois, nuair a d'fhoilsigh sé an t-úrscéal mór úd ''Buddenbrooks'' ("Muintir Buddenbrook"), arb é scéal an teaghlaigh bhuirgéisigh úd Buddenbrook i Lübeck é. B'é an t-úrscéal seo a thuill Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1929.

I mblianta an Chéad Chogadh Domhanda, bhreac sé síos ''Betrachtungen eines Unpolitischen'' ("Nótaí ó fhear neamhpholaitiúil"), inar chosain sé impireacht na Gearmáine, go gairid sular imigh an impireacht úd de dhroim an tsaoil.

Ní ba deireanaí ina shaol, d'athraigh sé aigne i leith na himpireachta. Ina chuid aistí polaitiúla, chuir sé in iúl go raibh sé ag tacú le Poblacht Weimar mar dhuine den tseanaicme bhuirgéiseach.

Nuair a tháinig Adolf Hitler i gcumhacht, chuaigh sé ar imirce. I Meiriceá, bhí sé ina chraoltóir bolscaireachta, agus é ag gríosú na nGearmánach in aghaidh an Naitsíochais.

Cuid den oidhreacht liteartha a d'fhág sé ina dhiaidh is ea a chuid dialann, ina dtráchtadh sé ar chúrsaí na polaitíochta domhanda chomh maith lena shaol príobháideach féin.

Scríbhneoirí tábhachtacha ab ea a dheartháir Heinrich Mann agus triúr dá sheisear clainne: Erika, Golo agus Klaus Mann. clé|mion|188x188px|11881: sé bliain d'aois Arna chur ar fáil ag Vicipéid
81 - 100 toradh á dtaispeáint as 104 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Mann, Thomas', am iarratais: 0.04s Beachtaigh na torthaí
  1. 81
    Alt
  2. 82
  3. 83
    Alt
  4. 84
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe in Thomas Mann.(1973)
    Alt
  5. 85
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe in Thomas Mann.(1973)
    Alt
  6. 86
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe in Thomas Mann.(1973)
    Alt
  7. 87
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe in Thomas Mann.(1973)
    Alt
  8. 88
    Alt
  9. 89
  10. 90
  11. 91
  12. 92
    Alt
  13. 93
    de réir Mann, Thomas, Mann, Heinrich
    Foilsithe / Cruthaithe 1969
    Gairmuimhir: TD Mann 4 *Man/Bri
    LEABHAR
  14. 94
    de réir Mann, Thomas, Mann, Heinrich
    Foilsithe / Cruthaithe 1969
    Gairmuimhir: TD Mann 4 *Man/Bri
    LEABHAR
  15. 95
    Alt
  16. 96
    Alt
  17. 97
    de réir Mann, Thomas, Kerényi, Karl
    Foilsithe / Cruthaithe 1967
    Gairmuimhir: TD Mann 4 *Man/Ges
    LEABHAR
  18. 98
    de réir Mann, Thomas, Bertaux, Felix
    Foilsithe / Cruthaithe 1993
    Gairmuimhir: TD Mann 4 *Man/Tho
    LEABHAR
  19. 99
    Alt
  20. 100
    de réir Mann, Thomas, Bermann Fischer, Gottfried
    Foilsithe / Cruthaithe 1975
    Gairmuimhir: TD MannT 4 *Man/Bri
    LEABHAR