Thomas Mann

Ba scríbhneoir clúiteach Gearmánach é Paul Thomas Mann (rugadh ar an 6 Meitheamh 1875 i Lübeck é; d'éag sé ar an 12 Lúnasa 1955 in Kilchberg i gcóngar do Zürich). Ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta íorónta thug sé cur síos dúisitheach ar dheireadh na tréimhse buirgéisí i stair chultúrtha na Gearmáine.

I dtraidisiún liteartha na Gearmáinise, is buirgéiseach léannta é féin, agus é faoi thionchar filí cosúil le Johann Wolfgang von Goethe agus Theodor Fontane. B'í a stíl shainiúil a thabhaigh gnaoi na léitheoirí dó, agus ba luath ina shaol a d'aibigh sé mar scríbhneoir.

Ní raibh sé ach dhá bhliain fichead d'aois, nuair a d'fhoilsigh sé an t-úrscéal mór úd ''Buddenbrooks'' ("Muintir Buddenbrook"), arb é scéal an teaghlaigh bhuirgéisigh úd Buddenbrook i Lübeck é. B'é an t-úrscéal seo a thuill Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1929.

I mblianta an Chéad Chogadh Domhanda, bhreac sé síos ''Betrachtungen eines Unpolitischen'' ("Nótaí ó fhear neamhpholaitiúil"), inar chosain sé impireacht na Gearmáine, go gairid sular imigh an impireacht úd de dhroim an tsaoil.

Ní ba deireanaí ina shaol, d'athraigh sé aigne i leith na himpireachta. Ina chuid aistí polaitiúla, chuir sé in iúl go raibh sé ag tacú le Poblacht Weimar mar dhuine den tseanaicme bhuirgéiseach.

Nuair a tháinig Adolf Hitler i gcumhacht, chuaigh sé ar imirce. I Meiriceá, bhí sé ina chraoltóir bolscaireachta, agus é ag gríosú na nGearmánach in aghaidh an Naitsíochais.

Cuid den oidhreacht liteartha a d'fhág sé ina dhiaidh is ea a chuid dialann, ina dtráchtadh sé ar chúrsaí na polaitíochta domhanda chomh maith lena shaol príobháideach féin.

Scríbhneoirí tábhachtacha ab ea a dheartháir Heinrich Mann agus triúr dá sheisear clainne: Erika, Golo agus Klaus Mann. clé|mion|188x188px|11881: sé bliain d'aois Arna chur ar fáil ag Vicipéid
61 - 80 toradh á dtaispeáint as 104 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Mann, Thomas', am iarratais: 0.03s Beachtaigh na torthaí
  1. 61
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1975
    Gairmuimhir: TD Mann 2 *Man/Tho-01
    LEABHAR
  2. 62
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1955
    Gairmuimhir: TD Mann 1 (1955)
    LEABHAR
  3. 63
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1970
    Gairmuimhir: TD Mann 2 *Man/Sch
    LEABHAR
  4. 64
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1947
    Gairmuimhir: TD Mann 3 *Man/Deu
    LEABHAR
  5. 65
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1960
    LEABHAR
  6. 66
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1915
    Gairmuimhir: TD Mann 3 *Man/Fri
    LEABHAR
  7. 67
    de réir Mann, Thomas
    Gairmuimhir: TD Mann 1 (1948)
    IRIS
  8. 68
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1964
    Gairmuimhir: TD Mann 3 *Man/Jos
    LEABHAR
  9. 69
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1965
    Gairmuimhir: TD Mann 4 *Man/Bri
    LEABHAR
  10. 70
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1913
    Gairmuimhir: TD Mann 3 *Man/Fio
    LEABHAR
  11. 71
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1968
    Gairmuimhir: TD Mann 4 *Man/Bri
    LEABHAR
  12. 72
    Alt
  13. 73
  14. 74
  15. 75
  16. 76
  17. 77
  18. 78
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1996
    Gairmuimhir: TD Mann 2 *Man/On
    LEABHAR
  19. 79
    de réir Mann, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 1979
    Gairmuimhir: TD Mann 4 *Man/Tag-01
    LEABHAR
  20. 80
    Alt