Brian O'Doherty
Patrick Ireland a bhí mar ainm cleite ag '''Brian O'Doherty'''; dealbhóir, péintéir, údar, stiúrthóir scannán, ealaíontóir suiteála agus ealaíontóir coincheapa Éireannach atá ann.Rugadh i gContae Ros Comáin é sa bhliain 1935 agus bhí sé ina chónaí i Meiriceá. Bhain sé céim amach sa leigheas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 1952.
Thosaigh O'Doherty ag baint úsáide as an ainm Patrick Ireland lena chuid saothar a shíniú mar fhreagra ar mharuithe Dhomhnach na Fola i nDoire na bliana 1972.
Ainmníodh é don Duais Booker sa bhliain 2000 as a úrscéal ''The Deposition of Father McGreevy''. Ar an 20 Bealtaine, 2008, chuir O'Doherty samhail den duine ar leis a ainm cleite i gcré na cille mar dhea sa Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann de bharr go raibh dul chun cinn déanta ó thaobh na síochána ó thuaidh, agus thosaigh sé ag baint úsáide as a ainm baiste athuair.
Nocht sé lúbra dá chuid, darbh ainm ''Teanga-Aisling an Phobail'', amuigh faoin aer i mBéal Feirste sa bhliain 2011 áit ar thug sé aitheasc uaidh i nGaeilge. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2