Charles Dickens
Ba é Charles John Huffam Dickens (7 Feabhra 1812 - 9 Meitheamh 1870) an scríbhneoir Béarla ba mhó le rá sa ré Victeoiriach. Scríobhadh sé úrscéalta lán daoine as an ngnáth agus imeachtaí barrúla, agus é á bhfoilsiú i bhfoirm sraithe. Scríbhneoir mór-ráchairte a bhí ann lena linn féin, agus ní dheachaigh a chuid leabhar as cló riamh i ndiaidh a bháis ach an oiread.Cuireadh Gaeilge ar thrí úrscéal le Dickens. Ba é Seán Mac Maoláin a d'aistrigh ''A Tale of Two Cities'' faoin teideal ''Scéal fá Dhá Chathair'' (is é sin, ''Scéal faoi Dhá Chathair'' sa Chaighdeán), agus chuir Seán Ó Ruadháin Gaeilge ar ''David Copperfield''. Bhí Gaeilge Uladh ag aistritheoir an chéad leabhar acu, agus ba as Contae Mhaigh Eo don Ruadhánach, rud a chiallaíonn go bhfuil an dá aistriúchán Gaeilge difriúil go leor le chéile ó thaobh na canúna de. D'aistrigh An tAthair Pádraig Ua Duinnín an leabhar ''A Christmas Carol'' faoin teideal Duan na Nollag. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1Gairmuimhir: TE Dic 3 *Dic/Ill-02LEABHAR
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13
-
14
-
15
-
16
-
17
-
18
-
19
-
20
- 1
- 2
- Ar aghaidh
- [2]