Daniel Defoe

Úrscéalaí Sasanach a rugadh i Londain, Sasana ab ea Daniel Defoe (fíorainm: Daniel Foe). Rugadh timpeall ar an mbliain 1660 é, agus fuair sé bás ar an 24 Aibreán 1731. Ba é an t-úrscéal ''Robinson Crusoe'' a thuill a chlú dó. Foilsíodh an t-úrscéal seo an chéad uair sa bhliain 1719, agus deirtear go bhfuil sé ar an dara leabhar is mó a léadh is a léitear, díreach i ndiaidh an Bhíobla, Bhí Defoe ar dhuine de cheannródaithe na húrscéalaíochta i saol an Bhéarla, agus réitigh sé an ród don úrscéal mar sheánra sa teanga in éineacht le Aphra Behm agus Samuel Richardson, mar shampla. San am chéanna scríobhadh sé paimfléid pholaitiúla, iriseoireacht agus a lán eile.

Ba mhinic a bhíodh seisean agus na húdaráis in adharca a chéile, agus dá réir sin chaith sé seal i dtóin phríosúin. San am chéanna bhí meas ag maithe agus móruaisle na tíre ar a chuid smaointí úra, agus iad i dteagmháil leis. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 5 toradh á dtaispeáint as 5 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Defoe, Daniel', am iarratais: 0.03s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Defoe, Daniel
    Foilsithe / Cruthaithe 1956
    Gairmuimhir: TE Def 3 *Def/Leb
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Defoe, Daniel
    Foilsithe / Cruthaithe 1954
    Gairmuimhir: TE Def 3 *Def/Glu
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Defoe, Daniel
    Foilsithe / Cruthaithe 1966
    Gairmuimhir: TE Def 3 *Def/glu
    LEABHAR
  4. 4
    de réir Defoe, Daniel
    Foilsithe / Cruthaithe 1982
    Gairmuimhir: TE Def 3 *Def/Rox
    LEABHAR
  5. 5
    de réir Defoe, Daniel
    Foilsithe / Cruthaithe 1984
    Gairmuimhir: TE Def 3 *Def/jou
    LEABHAR