Fidel Castro

Ba é Fidel Castro ( audio) (13 Lúnasa 192625 Samhain 2016) uachtarán ar Chúba ón mbliain 1961 go dtí an 24 Feabhra 2008. Bhí sé ina cheannaire ar an tír ó chuir sé an deachtóir Fulgencio Batista as oifig tar éis éirí amach i 1959. Tháinig a dheartháir Raúl mar chomharba air, ar an 24 Feabhra 2008.

Náisiúnaí a bhí ann ina óige, agus cháin Castro tionchar gnó agus polaitiúil na Stáit Aontaithe i gCúba nuair a bhí sé ina mhac léinn. Bhailigh sé buíon ceannairceach timpeall air féin agus rinne sé ionsaí ar bheairic Moncada (in aice le Santiago) i 1953.

Theith Castro thar lear ar feadh tamaill. Tháinig sé ar ais i mí na Nollag 1956 chun tús a chur le treallchogaíocht, a mhair go dtí gur ghlac Castro seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.

Duine conspóideach a bhí ann: tá an-mheas air go minic sa tríú domhan, fós inniu. I luathbhlianta a réimeas, rinne ranna de chuid rialtas na Stát Aontaithe roinnt iarrachtaí é a mharú nó a chur as oifig. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Castro, Fidel', am iarratais: 0.03s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
  2. 2
    Alt