Pierre Bourdieu

Rugadh Pierre Bourdieu, socheolaí Francach, an 11 Lúnasa, 1930 in Denguin (Pyrénées-Atlantiques) agus fuair sé bás 23 Mí Eanáir 2002 i 12ú buirg Pháras.

Meastar go bhfuil sé ar dhuine de na socheolaithe is tábhachtaí sa dara leath den 20ú haois. Rangaigh an Association internationale de sociologie a shaothar ''La Distinction'' i measc na ndeich saothar is tábhachtaí i socheolaíocht na linne.

Ina theannta sin, mar gheall ar a ról sa saol poiblí, sna blianta deiridh dá shaol bhí sé ar dhuine de na daoine ba aitheanta a bhí ag gníomhú i saol intleachtúil na Fraince. Bhí tionchar nach beag ag a chuid smaointeoireachta ar na daonnachtaí agus ar na heolaíochtaí sóisialta, go háirithe ar shocheolaíocht na Fraince sa téimhse i ndiaidh an chogaidh. Socheolaíocht an fhoilsithe, rinneadh go leor pléite uirthi, agus cáineadh go háirithe é as fís chinniúnaíoch den saol sóisialta a chosnaigh sé féin.

Tá a shaothar socheolaíochta bunaithe ar anailís ar na meicníochtaí trína ndéanann ordlathais shóisialta atáirgeadh orthu féin. "Atáirgeadh cultúrtha" a thugtar ar an tslí a ndéantar foirmeacha, luachanna, cleachtais agus comhthuiscintí cultúrtha reatha (.i. noirm) a tharchur ó ghlúin go glúin, agus ar an gcaoi sin leanúnachas an eispéiris chultúrtha a chothú thar am. Áitíonn Bourdieu a thábhachtaí atá fachtóirí cultúrtha agus siombalacha san atáirgeadh sóisialta seo agus cáineann sé an tosaíocht a thugtar do thosca eacnamaíocha i gcoincheapa Marxacha. Bhí sé ar intinn aige aibhsiú a dhéanamh ar an ról ríthábhachtach atá ag cumas gníomhairí (is iad sin, daoine atá ag gníomhú) atá i suíomh ceannasach a gcuid táirgeadh cultúrtha agus siombalach a chur i bhfeidhm in atáirgeadh chaidrimh shóisialta an fhorlámhais. Ina anailís socheolaíochta tá ríthábhacht leis an rud ar a dtugadh "foréigean siombalach" (''la violence symbolique''), a shainmhíníonn sé mar an cumas chun neamhaird dhéanamh ar threallachas (míchothroime faoin dlí) na dtáirgeachtaí siombalacha seo, agus dá bhrí sin glacadh leo mar nithe dlisteanacha. Is é sin le rá go bhfuil cúis ag gníomhairí a rá go bhfuil an t-ord sóisialta mar atá nádúrtha, agus tríd sin tacaíonn siad leis na struchtúir shóisialta atá ann.

Dar le Pierre Bourdieu go raibh saol sóisialta shochaithe nua-aimseartha an domhain roinnte ina "réimsí" ("''champs''") mar a thugadh sé orthu. Facthas dó go raibh difreáil na ngníomhaíochtaí sóisialta tar éis fo-spásanna sóisialta a chothú, mar shampla i réimse na healaíne nó sa réimse pholaitiúil. Fo-spásanna a bhí iontu seo a bhí speisialaithe ar mhaithe le gníomhaíocht shóisialta ar leith. Bhí neamhspleáchas áirithe ag na réimsí seo i leith na sochaí ina hiomláine. Tá siad ordlathach agus tagann an dinimic a fheictear iontu as streachailt iomaíoch inmheánach a bhíonn ar bun ag gníomhairí sóisialta iontu chun róil cheannasacha a bhaint amach. Mar sin, ar nós anailísithe Marxacha, áitíonn Pierre Bourdieu go bhfuil tábhacht ag baint leis an streachailt agus le coimhlint i bhfeidhmiú sochaí ar bith. Ach dar leis gurbh iad na coimhlintí seo an rud ba thábhachtaí i ngach "réimse" sóisialta. Is ó na hordlathais sna réimsí féin a thagann na coimhlintí seo agus bíonn siad bunaithe ar an aighneas idir na gníomhairí sin atá forlámhach agus na gníomhairí sin a n-imrítear forlámhas orthu. Dar le Bourdieu, mar sin, bíonn níos mó i gceist le coimhlintí thar mar a bhíonn sa choimhlint sin idir aicmí sóisialta mar a phléitear in anailís Mharxach.

D'fhorbair Pierre Bourdieu teoiric gnímh chomh maith, timpeall ar choincheap an ''habitus''. Is éard atá sa ''habitus'' ná an bealach a mbraitheann agus a bhfreagraíonn daoine don domhan sóisialta ina gcónaíonn siad, trína a gcuid nósanna pearsanta, a scileanna agus meon nó claonadh a gcarachtar. Bhí tionchar mór ag an gcoincheap seo ar na heolaíochtaí sóisialta. Féachann an teoiric seo lena thaispeáint go bhforbraíonn gníomhairí sóisialta straitéisí a bhíonn bunaithe ar líon beag claontaí a fhaightear trí shóisialú daonna. Claontaí iad atá neamh-chomhfhiosach agus cuirtear iad in oiriúint do riachtanais an domhain shóisialta. Eagraítear saothar Bourdieu mar sin timpeall ar chúpla coincheap lárnach: ''habitus'' mar phrionsabal a bhaineann le gníomhaíocht a bhíonn ar bun ag gníomhairí, ''an réimse'' mar spás bunúsach don iomaíocht shóisialta agus ''an'' ''foréigean siombalach'' mar phríomh-mheicníocht chun caidreamh forlámhach a chur i bhfeidhm. Bhain Bourdieu úsáid as an téarma ''struchtúrachas géiniteac''h (nó ''tógachaíoch'') chun a choincheap maidir le struchtúir shóisialta agus an tslí a gcuirtear le chéile iad agus a ndéantar iad a chlaochlú a mhíniú.

clé|mion| Meánscoil Louis-le-Grand, rue Saint-Jacques. mion| [[École normale supérieure|École Normale Supérieure, Cour aux Ernests.]] mion| Sráidbhaile traidisiúnta Caibíleach . mion| Príomhcheanncheathrú Scoil an Ard-Léinn sna hEolaíochtaí Sóisialta (EHESS) sa 6ú buirg i bPáras . mion| Fronton [[:fr:Collège_de_France|Collège de France]] Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 20 toradh á dtaispeáint as 53 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Bourdieu, Pierre', am iarratais: 0.04s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    Alt
  2. 2
    Alt
  3. 3
    Alt
  4. 4
    Alt
  5. 5
  6. 6
    de réir Bourdieu, Pierre
    Foilsithe / Cruthaithe 1992
    Gairmuimhir: SZ 1 ef 20.2 *Bou/Hom
    LEABHAR
  7. 7
    de réir Bourdieu, Pierre
    Foilsithe / Cruthaithe 2007
    Gairmuimhir: SZ 0 *Bou/Abs
    LEABHAR
  8. 8
    de réir Bourdieu, Pierre
    Foilsithe / Cruthaithe 2010
    Gairmuimhir: PL 0 *Bou/Pol
    LEABHAR
  9. 9
    Alt
  10. 10
    Alt
  11. 11
    Alt
  12. 12
    de réir Bourdieu, Pierre
    LEABHAR
  13. 13
    Alt
  14. 14
    Alt
  15. 15
    Alt
  16. 16
    Alt
  17. 17
    Alt
  18. 18
    Alt
  19. 19
    Alt
  20. 20
    Alt