Hannah Arendt
Teoiricí polaitíochta agus iriseoir Gearmánach, dá tugadh saoránacht Mheiriceánach, ab ea Hannah Arendt, nó Johanna Arendt mar a tugadh uirthi nuair a rugadh í. Do rugadh Arendt i Linden, baile atá ina chuid den gcathair Hannover anois, ar an 14ú lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1906 agus do fuair sí bás i gcathair Nua-Eabhrach, ar an 4ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 1975.Giúdach ab ea Arendt agus, dá bharr, níorbh fhéidir léi fanúint i nGearmáin na Naitsithe - go háirithe agus í ina gníomhaí polaitíochta. D'fhág Arendt a tír dhúchais sa mbliain 1933 agus do chaith sí blianta sa bhFrainc sular éirigh léi, lena fear céile agus lena máthair dul chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Toisc gur baineadh a saoránacht Ghearmánach di sa bhliain 1937, do bhí Arendt gan stát go dtí gur fuair sí saoránacht Mheiriceánach sa mbliain 1951. Ón mbliain sin amach, do thugadh sí Gearmánach-Meiriceánach uirthise.
Cé go raibh dlúthbhaint ag Arendt leis an bhfealsúnacht ar feadh a saoil - do dhein sí staidéar ar an bhfealsúnacht in Ollscoil Mharburg, in Ollscoil Fhreiburg agus in Ollscoil Heidelberg; níos déanaí, do scríobhadh sí ailt fén bhfealsúnacht pholaitíochta agus do bhí an fhealsúnacht á múineadh aici i gColáiste Bhrooklyn -, níor thugadh sí "fealsúnaí" uirthi féin agus ní raibh sí sásta "Fealsúnacht Pholaitíochta" a thabhairt ar shaothair dá cuid. Do bhí sé de nós aici a rá gur "Teoiric na Polaitíochta" a bhí ina saothair agus gur staraí a bhí inti féin.
Foilsíodh an saothar is cáiliúla de chuid Arendt, ''Bunús an Ollsmachtachais'' (Béarla: ''The Origins of Totalitarianism''), sa mbliain 1951. Is é an leabhar siúd an leabhar is tábhachtaí dá scríobh Arendt fén bpolaitíocht. Ó thaobh na fealsúnachta de, áfach, is é ''An Staid Dhaonna'' (Béarla: ''The Human Condition''), leabhar a foilsíodh den gcéad uair sa mbliain 1958, an saothar is tábhachtaí dá cuid. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3Gairmuimhir: PH 1 Aren 2 *Are/Ess-01LEABHAR
-
4
-
5de réir Arendt, Hannah
Foilsithe / Cruthaithe 2013Gairmuimhir: PH 1 Aren 2 *Are/DenInhaltsverzeichnis
LEABHAR -
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13
-
14
-
15de réir Arendt, Hannah
Foilsithe / Cruthaithe 2007Gairmuimhir: PH 1 Aren 2 *Are/WasInhaltsverzeichnis
LEABHAR -
16
-
17
-
18
-
19
-
20
- 1
- 2
- 3
- 4
- Ar aghaidh
- [4]