Hannah Arendt

Teoiricí polaitíochta agus iriseoir Gearmánach, dá tugadh saoránacht Mheiriceánach, ab ea Hannah Arendt, nó Johanna Arendt mar a tugadh uirthi nuair a rugadh í. Do rugadh Arendt i Linden, baile atá ina chuid den gcathair Hannover anois, ar an 14ú lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1906 agus do fuair sí bás i gcathair Nua-Eabhrach, ar an 4ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 1975.

Giúdach ab ea Arendt agus, dá bharr, níorbh fhéidir léi fanúint i nGearmáin na Naitsithe - go háirithe agus í ina gníomhaí polaitíochta. D'fhág Arendt a tír dhúchais sa mbliain 1933 agus do chaith sí blianta sa bhFrainc sular éirigh léi, lena fear céile agus lena máthair dul chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Toisc gur baineadh a saoránacht Ghearmánach di sa bhliain 1937, do bhí Arendt gan stát go dtí gur fuair sí saoránacht Mheiriceánach sa mbliain 1951. Ón mbliain sin amach, do thugadh sí Gearmánach-Meiriceánach uirthise.

Cé go raibh dlúthbhaint ag Arendt leis an bhfealsúnacht ar feadh a saoil - do dhein sí staidéar ar an bhfealsúnacht in Ollscoil Mharburg, in Ollscoil Fhreiburg agus in Ollscoil Heidelberg; níos déanaí, do scríobhadh sí ailt fén bhfealsúnacht pholaitíochta agus do bhí an fhealsúnacht á múineadh aici i gColáiste Bhrooklyn -, níor thugadh sí "fealsúnaí" uirthi féin agus ní raibh sí sásta "Fealsúnacht Pholaitíochta" a thabhairt ar shaothair dá cuid. Do bhí sé de nós aici a rá gur "Teoiric na Polaitíochta" a bhí ina saothair agus gur staraí a bhí inti féin.

Foilsíodh an saothar is cáiliúla de chuid Arendt, ''Bunús an Ollsmachtachais'' (Béarla: ''The Origins of Totalitarianism''), sa mbliain 1951. Is é an leabhar siúd an leabhar is tábhachtaí dá scríobh Arendt fén bpolaitíocht. Ó thaobh na fealsúnachta de, áfach, is é ''An Staid Dhaonna'' (Béarla: ''The Human Condition''), leabhar a foilsíodh den gcéad uair sa mbliain 1958, an saothar is tábhachtaí dá cuid. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
61 - 72 toradh á dtaispeáint as 72 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Arendt, Hannah', am iarratais: 0.04s Beachtaigh na torthaí
  1. 61
    de réir Arendt, Hannah <1906-1975>
    Foilsithe / Cruthaithe 2013
    Gairmuimhir: PH 1 Aren 2 *Are/Wah
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  2. 62
    de réir Arendt, Hannah, Errera, Roger
    Foilsithe in Interviews
    Alt
  3. 63
  4. 64
    de réir Arendt, Hannah <1906-1975>
    Foilsithe / Cruthaithe 2019
    Gairmuimhir: PH 1 Aren 2 */Wir
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  5. 65
    de réir Arendt, Hannah, Broch, Hermann
    Foilsithe / Cruthaithe 1996
    Gairmuimhir: PH 1 Aren 4 *Are/Bri
    LEABHAR
  6. 66
    de réir Arendt, Hannah, Heidegger, Martin
    Foilsithe / Cruthaithe 1998
    Gairmuimhir: PH 1 Heid 4 *Are/Bri
    LEABHAR
  7. 67
    Alt
  8. 68
    de réir Arendt, Hannah <1906-1975>, Anders, Günther <1902-1992>
    Foilsithe / Cruthaithe 2016
    Gairmuimhir: PH 1 Aren 4 *Are/Sch
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  9. 69
    de réir Arendt, Hannah <1906-1975>, Sternberger, Dolf <1907-1989>
    Foilsithe / Cruthaithe 2019
    Gairmuimhir: PH 1 Aren 4 *Are/Ich,2
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  10. 70
    de réir Benjamin, Walter
    Foilsithe / Cruthaithe 1999
    Rannpháirtithe: “…Arendt, Hannah…”
    Gairmuimhir: PH 1 Benj 2 *Ben/Ill
    LEABHAR
  11. 71
    Foilsithe / Cruthaithe 2007
    Rannpháirtithe: “…Arendt, Hannah…”
    Gairmuimhir: PH 1 Aren 6 */Han
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  12. 72
    Foilsithe / Cruthaithe 2007
    Rannpháirtithe: “…Arendt, Hannah…”
    Gairmuimhir: PH 1 Aren 6 */Han
    LEABHAR