Hannah Arendt
Teoiricí polaitíochta agus iriseoir Gearmánach, dá tugadh saoránacht Mheiriceánach, ab ea Hannah Arendt, nó Johanna Arendt mar a tugadh uirthi nuair a rugadh í. Do rugadh Arendt i Linden, baile atá ina chuid den gcathair Hannover anois, ar an 14ú lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1906 agus do fuair sí bás i gcathair Nua-Eabhrach, ar an 4ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 1975.Giúdach ab ea Arendt agus, dá bharr, níorbh fhéidir léi fanúint i nGearmáin na Naitsithe - go háirithe agus í ina gníomhaí polaitíochta. D'fhág Arendt a tír dhúchais sa mbliain 1933 agus do chaith sí blianta sa bhFrainc sular éirigh léi, lena fear céile agus lena máthair dul chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Toisc gur baineadh a saoránacht Ghearmánach di sa bhliain 1937, do bhí Arendt gan stát go dtí gur fuair sí saoránacht Mheiriceánach sa mbliain 1951. Ón mbliain sin amach, do thugadh sí Gearmánach-Meiriceánach uirthise.
Cé go raibh dlúthbhaint ag Arendt leis an bhfealsúnacht ar feadh a saoil - do dhein sí staidéar ar an bhfealsúnacht in Ollscoil Mharburg, in Ollscoil Fhreiburg agus in Ollscoil Heidelberg; níos déanaí, do scríobhadh sí ailt fén bhfealsúnacht pholaitíochta agus do bhí an fhealsúnacht á múineadh aici i gColáiste Bhrooklyn -, níor thugadh sí "fealsúnaí" uirthi féin agus ní raibh sí sásta "Fealsúnacht Pholaitíochta" a thabhairt ar shaothair dá cuid. Do bhí sé de nós aici a rá gur "Teoiric na Polaitíochta" a bhí ina saothair agus gur staraí a bhí inti féin.
Foilsíodh an saothar is cáiliúla de chuid Arendt, ''Bunús an Ollsmachtachais'' (Béarla: ''The Origins of Totalitarianism''), sa mbliain 1951. Is é an leabhar siúd an leabhar is tábhachtaí dá scríobh Arendt fén bpolaitíocht. Ó thaobh na fealsúnachta de, áfach, is é ''An Staid Dhaonna'' (Béarla: ''The Human Condition''), leabhar a foilsíodh den gcéad uair sa mbliain 1958, an saothar is tábhachtaí dá cuid. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
41
-
42
-
43
-
44de réir Arendt, Hannah
Foilsithe / Cruthaithe 2009Gairmuimhir: PH 1 Aren 3 *Are/HumInhaltsverzeichnis
LEABHAR -
45de réir Arendt, Hannah
Foilsithe / Cruthaithe 2004Gairmuimhir: PH 1 Aren 3 *Are/OriInhaltsverzeichnis
LEABHAR -
46
-
47
-
48
-
49
-
50
-
51Alt
-
52
-
53Alt
-
54
-
55
-
56Gairmuimhir: PH 1 Aren 4 *Are/BriLEABHAR
-
57Gairmuimhir: PH 1 Aren 4 *Are/BriLEABHAR
-
58Gairmuimhir: PH 1 Aren 3 *Are/HanLEABHAR
-
59de réir Arendt, Hannah, Rancière, Jacques
Foilsithe in Politics - poetics : das Buch zur Documenta X.(1997)Alt -
60de réir Arendt, Hannah <1906-1975>
Foilsithe / Cruthaithe 2019Gairmuimhir: PH 1 Aren 4 *Are/WieInhaltstext
LEABHAR